Leabharlanna

Seachain fíneálacha leabharlainne agus faigh eolas nuashonraithe chuig do chuntas ríomhphoist

Cén fáth nach gclárófá do sheoladh ríomhphoist le do chuntas leabharlainne? Sábhálfaidh tú airgead agus gheobhaidh tú fógraí nuair a bheidh nithe atá curtha in áirithe agat réidh le bailiú.

Is féidir do sheoladh ríomhphoist a chlárú le do chuntas leabharlainne ach na ceithre chéim seo a leanas a ghlacadh: 

1. Téigh chuig láithreán gréasáin Leabharlanna Éireann agus logáil isteach i do chuntas leabharlainne

2. Roghnaigh Déan Eagarthóireacht ar do Chuntas

3. Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist

4. Roghnaigh Cuir Isteach

 

Beimidne ansin ábalta ríomhphost a sheoladh chugat

- lena mheabhrú duit nuair a chaithfear míreanna leabharlainne a thabhairt ar ais

- lena chur in iúl duit nuair atá míreanna leabharlainne a d'iarr tú réidh le bailiú