Miasa fíorbhlasta griollta inár n-oigheann barántúil gualaigh. Stéigeacha shúmhara, burgair, & iasc. Oscailte 7 lá sa tseachtain, 12 go déanach le haghaidh lóin agus dinnéir le bróinse gach Satharn agus Domhnach ó 10r.n. ar aghaidh. Bia sláintiúil blasta a líonann tú. Tá na milseoga go léir cocaráilte sa bhaile agus tá siad ar fheabhas!
Cuireann Geisha fáilte romhat taithí a fháil ar an bhfíorbhlas barántúil atá ag bia traidisiúnta na Seapáine agus na Téalainne. Cuir do chuid céadfaí faoi gheasa lenár mblasanna úra fad is a chinntíonn ár seirbhís fháilteach agus chairdiúil go bhfuil tú sásta. Tá súil againn go roinnfidh tú an paisean céanna atá againn maidir le bia iontach Seapánach agus Téalannach. Fáilte!
An scéal wagamama. Thosaigh ár scéal wagamama i 1992, nuair a d’osclaíomar ár mbialann i Bloomsbury, Londain. Theastaigh uainn go gcuirfeadh wagamama an cineál bia úr, gasta agus atmaisféar suaimhneach a fhaigheann tú i mbeáir núdail Seapánacha ar fáil. De réir a chéile táimid tar éis fás isteach i mbialann teaghlaigh a bhfuil meas mór uirthi agus atá ar fáil i 17 tír. D’oscail ár mbialann i lár chathair Bhaile Átha Cliath a doirse i 1998, agus dob í an chéad shaincheadúnas wagamama ar domhan. D’oscail wagamama i mBaile Bhlainséir i 2010.
Ciallaíonn an focal "Vagya" ádh sa Neipeal agus anseo i Vagya braithimid an-ámharach eispéireas itheacháin a thairiscint duit a chuimsíonn bia den scoth agus seirbhís aireach. Is é ár misean an bia is fearr agus an tseirbhís den chaighdeán is fearr a chur ar fáil do chustaiméirí in atmaisféar atá chomh suaimhneach agus compordach go mbeidh fonn orthu teacht ar ais i gcónaí.
Cuirimid cuisine barántúil Téalannach ar ardchaighdeán ar fáil ar chostas réasúnta in atmaisféar fáilteach compordach agus soláthraimíd sampla d’fhíor-aoícht na Téalainne. Tacaímid leis seo le réimse milseog, fíonta, beoir, caife agus tae.
Teach tabhairne Éireannach iontach le sciartha ollmhóra de bhia traidisiúnta Gaelach, le béilí speisialta laethúil. Leathchuid de dhinnéar mairteola rósta iomlán a chuimsíonn dhá chineál prátaí, búiste, súlach, agus meascán glasraí ar chostas faoi bhun 7 Euro. Bia fíorbhlasta agus atmaisféar iontach i dteach tabhairne áitiúil.